Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 25:21

An Bíobla Naofa 1981

Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: “Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]

Síol gan uaisleacht gan mheas, Scriosadh iad as an tír.

Díolann siad an t‑olc in aghaidh na maithe liom: tá m'anam go brónach.

Cuir uait an fraoch agus an fíoch; ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;

Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar agus is líonmhar lucht m'fhuatha gan fáth,

An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith, ní dhíbreoidh sé an t‑olc óna theach.

Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaise ag labhairt ar a son, le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.

Ná faigheadh an t‑olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith.

Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,

Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.

Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.

Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?

Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.

Ansin dúirt Dáiví lena chuid fear: “Ceanglaíodh gach duine a chlaíomh air féin!” Agus cheangail gach duine a chlaíomh air féin; agus cheangail Dáiví a chlaíomh air féin chomh maith. Lean timpeall ceithre chéad fear Dáiví agus d'fhan dhá chéad leis an mbagáiste.

Anois bhí na fir seo an-mhaith dúinn; níor chuireadar isteach orainn agus níor chailleamar aon ní i rith an ama go léir a bhíomar ina gcomharsanacht.

Agus í ag marcaíocht ar a hasal le fána faoi speirín sléibhe, seo chuici anuas ina treo Dáiví agus a chuid fear, agus bhuail sí leo.

Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí