Agus í ag marcaíocht ar a hasal le fána faoi speirín sléibhe, seo chuici anuas ina treo Dáiví agus a chuid fear, agus bhuail sí leo.
Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”
Agus dúirt sí lena giollaí: “Ar aghaidh libh romham amach. Beidh mise ar bhur sála.” Ach níor inis sí aon ní dá fear, Nábál.
Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: “Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom.