An dtógfaidh mise m'arán agus m'fhíon agus an fheoil a mharaigh mé do mo mheitheal bhearrtha agus sin a thabhairt do dhaoine nach eol dom cad as dóibh?”
Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.
Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do d'arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ”
Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.