Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 24:9

An Bíobla Naofa 1981

Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d'umhlaigh dó.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.

Caithfear a mbreithiúna go léir le haill; beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.

Síolann an cealgaire aighneas, agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.

Éisteann an t‑urchóideach le béal mailíseach, agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.

Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora, agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.

Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh, agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.

Is gráin leis an mbéal bréagach an fhírinne, agus is scriostóir é an béal bán.

Má éisteann rialtóir le héitheach, beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.

Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i d'aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé?

Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.

Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.

Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d'athar a rá go bhfuil sé ar thóir m'anama?”

Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.

Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’?

Agus leis na briathra sin thug Dáiví ar a lucht leanúna gan Sól a ionsaí. D'éirigh Sól ansin agus amach leis as an bpluais agus d'imigh sé leis.

“Cén fáth,” ar sé, “a bhfuil mo thiarna sa tóir ar a shearbhónta? Cad tá déanta agam? Cén choir ina bhfuilim ciontach?

Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí