1 Samúéil 24:5An Bíobla Naofa 1981Agus dúirt a lucht leanúna le Dáiví: “Is é seo an lá a ndúirt an Tiarna leat ina thaobh: ‘Féach, tabharfaidh mé do namhaid isteach i do láimh duit, chun go mbeidh tú in ann do rogha rud a dhéanamh leis.’ ” D'éirigh Dáiví ina sheasamh agus ghearr sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil gan fhios dó. Féach an chaibidil |
Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d'éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.