Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 24:2

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a d'fhill Sól ó thóir na bhFilistíneach, dúradh leis: “Tá Dáiví anois i bhfásach Éan Geidí.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Is é a dúirt sé: An Tiarna mo charraig, mo dhaingean;

An eol duit conas a bheireann an gabhar sléibhe a mheannán? Ar thug tú faoi deara na heilití ag breith?

Na sléibhte is dídean do na gabhair allta; agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.

Caithfear a mbreithiúna go léir le haill; beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.

Bíonn an t‑urchóideach ag faire an fhíréin agus fonn a mharaithe air.

Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.

Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.

D'fhill Sól dá bhrí sin ón tóir a bhí á dhéanamh aige ar Dháiví agus chuaigh in aghaidh na bhFilistíneach. Sin é an fáth a dtugtar Carraig an Éalaithe ar an áit sin.

D'imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí