Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 24:10

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’?

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

“Ná leomhadh sibh baint le m'ungthaigh; ná déanaigí dochar do m'fháithe.”

Óir ní fhanfaidh ríshlat na n‑éagráifeach ar fhearann na bhfíréan, sula ndéanfadh na fíréin a lámha a iompú chun oilc.

sula mbeiridís ar m'anam mar leon, do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann.

A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo, má rinne mé urchóid le mo lámha,

Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó.

Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta.

Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.

Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.

Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d'umhlaigh dó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí