D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuir faoi i ndaingin Éan Geidí.
Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.
Má éisteann rialtóir le héitheach, beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.
Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta.
Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.
Le teann mioscaise déanann siad sult don rí agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.
Nibseán, Cathair an tSalainn, Éan Geidí; sé chathair lena mbailte.
Chuaigh cuid de mhuintir Zíf suas go Sól i nGibeá. “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach inár measc i ndaingin Hoiris ar Shliabh Haicíleá, laisteas de Ieisímeon?