Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 23:8

An Bíobla Naofa 1981

Ghairm Sól a phobal go léir chun cogaidh le dul síos go Ceíleá le léigear a chur ar Dháiví agus ar a lucht leanúna.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: “Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m'athair agus go raibh páirt agat in anró m'athar go léir.”

Ansin dúirt Dáiví: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, tá scéal cinnte faighte ag do sheirbhíseach go bhfuil Sól ag beartú teacht go Ceíleá chun an chathair a scrios de mo bharrsa.

Nuair a insíodh do Shól go raibh Dáiví imithe go Ceíleá, dúirt Sól: “Tá sé tugtha i mo láimh ag Dia dom, óir chuir sé é féin i dteannta nuair a chuaigh sé isteach i gcathair ar a bhfuil geataí agus boltaí.”

Bhí a fhios ag Dáiví, ámh, go raibh urchóid á beartú ag Sól ina aghaidh agus dúirt sé le hAibíátár an sagart: “Tabhair an t‑éafód anseo.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí