Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 23:5

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna go Ceíleá dá bhrí sin, agus chuireadar cath ar na Filistínigh, agus thugadar leo a n‑eallach mar chreach, agus bhriseadar go tubaisteach orthu. D'fhuascail Dáiví áitritheoirí Cheíleá ar an gcuma sin.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Óir chuir tú neart mar chrios fúm don chath, agus lúb tú lucht m'ionsaithe síos fúm.

Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo, agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh.

Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar agus is líonmhar lucht m'fhuatha gan fáth,

Bhí sé ina chogadh arís agus chuaigh Dáiví amach agus throid in aghaidh na bhFilistíneach; rinne sé ár agus eirleach orthu agus theitheadar roimhe.

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”

Nuair a theith Aibíátár mac Aichímeilic go dtí Dáiví, tháinig sé síos go Ceíleá agus éafód ina ghlac.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí