Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 23:4

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?” D'fhreagair an Tiarna: “Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.”

Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.

Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?” D'fhreagair an Tiarna é: “Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.”

agus tiocfaidh sibhse as bhur luíochán agus gabhfaidh sibh an chathair, óir tabharfaidh an Tiarna bhur nDia ar láimh daoibh í.

Ansin labhair Gideón arís le Dia: “Ná bí i bhfearg liom má labhraím arís eile! Lig dom aon triail amháin eile fós a dhéanamh leis an lomra. Bíodh an lomra amháin tirim, agus bíodh drúcht ar an urlár go léir ina thimpeall.”

Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Leis an trí chéad fear a rinne an leadhbadh, déanfaidh mé sibh a fhuascailt, agus tabharfaidh mé an lámh in uachtar duit ar Mhidián. Téadh an chuid eile go léir ar ais, gach duine chun a thí féin.”

I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: “Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.

Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna.

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé agus cath a chur ar na Filistínigh seo?” D'fhreagair an Tiarna Dáiví: “Téigh agus cuir cath ar na Filistínigh agus fuascail Ceíleá.”

Ach dúirt lucht leanúna Dháiví leis: “Seo sinne agus scéin orainn anseo in Iúdá. Nach mó go mór a bheidh an scéal amhlaidh má théimid go Ceíleá chun cath a chur ar na Filistínigh?”

Chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna go Ceíleá dá bhrí sin, agus chuireadar cath ar na Filistínigh, agus thugadar leo a n‑eallach mar chreach, agus bhriseadar go tubaisteach orthu. D'fhuascail Dáiví áitritheoirí Cheíleá ar an gcuma sin.

Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.

Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?” D'fhreagair sé: “Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí