Ach dúirt lucht leanúna Dháiví leis: “Seo sinne agus scéin orainn anseo in Iúdá. Nach mó go mór a bheidh an scéal amhlaidh má théimid go Ceíleá chun cath a chur ar na Filistínigh?”
Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe, agus go dtraochann siad thú, conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra? Má tá tú míshocair i dtír na síochána, céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?
Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé agus cath a chur ar na Filistínigh seo?” D'fhreagair an Tiarna Dáiví: “Téigh agus cuir cath ar na Filistínigh agus fuascail Ceíleá.”
Faighigí faisnéis bheacht ar na háiteanna folaigh go léir ina dtéann sé i bhfolach, agus filligí orm nuair a bheidh sibh cinnte. Rachaidh mé chugaibh ansin agus má bhíonn sé sa dúiche, rachaidh mé sa tóir air ar fud finí uile Iúdá.”
Ghabh Sól agus a chuid fear feadh taobh den sliabh, agus ghabh Dáiví agus a chuid fear feadh an taoibh eile. Bhí Dáiví ag brostú air ag iarraidh éalú ó Shól, agus bhí Sól agus a chuid fear ag iarraidh Dáiví agus a chuid fear a shárú agus a ghabháil ar an gcuma sin.
Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”