Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 23:26

An Bíobla Naofa 1981

Ghabh Sól agus a chuid fear feadh taobh den sliabh, agus ghabh Dáiví agus a chuid fear feadh an taoibh eile. Bhí Dáiví ag brostú air ag iarraidh éalú ó Shól, agus bhí Sól agus a chuid fear ag iarraidh Dáiví agus a chuid fear a shárú agus a ghabháil ar an gcuma sin.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: “As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.”

Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”

Éiríonn siad i m'éadan, bailíonn siad i mo thimpeall, táid ag faire na faille d'fhonn mé a leagan ar lántalamh.

ar na peacaigh a imríonn éigean orm. Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta;

Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha; bí i m'aice, óir níl aon chabhair eile agam.

Shearg mo scornach mar shlige cré-umha, is tá mo theanga ag ceangal de mo charball: leagann tú i luaithreach an bháis mé.

Moladh leis an Tiarna a nocht dom móriontas a ghrá i gcathair dhaingean.

Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh dall ar an anró a rug orainn san Áise; bhíomar cloíte chomh mór sin thar ár gcumas go rabhamar i ndeireadh na feide.

Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus d'alp iad.

Fuair fir Ghazá an scéala: “Tá Samsón tagtha.” Thángadar timpeall na háite agus d'fhanadar i luíochán air ar feadh na hoíche go léir ag geata na cathrach. Ní raibh cor astu ar feadh na hoíche go léir, á rá leo féin: “Fanaimís go breacadh an lae; maróimid ansin é.”

Ansin scaoil Míceal Dáiví síos ón bhfuinneog, agus theith sé leis agus d'éalaigh.

Ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla arís: “Brostaigh, corraigh ort, ná déan moill.” Bhailigh giolla Iónátán na saigheada agus tháinig ar ais chun a mháistir.

Agus chuaigh Sól agus a chuid fear ar a thóir. Fuair Dáiví scéala faoi, agus síos leis chun na carraige atá i bhfásach Mháón. Nuair a chuala Sól é sin lean sé Dáiví isteach i bhfásach Mháón.

Ansin tháinig teachtaire go dtí Sól á rá: “Tar gan mhoill, mar tá fogha tugtha ag na Filistínigh faoin tír.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí