Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 23:22

An Bíobla Naofa 1981

“Imígí anois agus déanaigí deimhin de níos mó fós; faighigí amach cá dtéann rian a chos agus coinnigí cuimhne air, mar deirtear liom go bhfuil sé lán de ghliceas.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm.

“Imígí agus faighigí amach cá bhfuil sé,” arsa an rí, “i dtreo go gcuirfinn lucht a ghafa ar a thóir.” Agus fuair sé scéala: “Tá sé anois i nDotán.”

Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.

“Go gcuire an Tiarna a bheannacht oraibh, de bharr teacht i gcabhair orm,” arsa Sól.

Faighigí faisnéis bheacht ar na háiteanna folaigh go léir ina dtéann sé i bhfolach, agus filligí orm nuair a bheidh sibh cinnte. Rachaidh mé chugaibh ansin agus má bhíonn sé sa dúiche, rachaidh mé sa tóir air ar fud finí uile Iúdá.”

don mhuintir i Heabrón, agus do na háiteanna go léir a thaithíodh Dáiví agus a chuid fear.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí