Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 23:20

An Bíobla Naofa 1981

Tar anuas, más ea a rí, cibé uair ar bith is mian le do chroí teacht. Is é ár ngnó é a thabhairt ar láimh don rí.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: “Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.” Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d'imigh sé gan aon duine a chur isteach air.

Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.

Slánaigh mé a Dhia, le d'ainm; déan mo chúis a agairt le do neart.

Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n‑urchóideach amú.

Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin, agus ná déan a theach a chreachadh.

Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir, ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart.

“Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air - agus ní cás dó teacht nuair is maith leis - chun na háite a thoghfaidh an Tiarna,

Ansin d'fhiafraigh Dáiví: “An ndéanfaidh muintir Cheíleá mise agus mo lucht leanúna a thabhairt suas do Shól?” Agus d'fhreagair an Tiarna: “Déanfaidh.”

“Go gcuire an Tiarna a bheannacht oraibh, de bharr teacht i gcabhair orm,” arsa Sól.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí