Ansin dúirt Dáiví: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, tá scéal cinnte faighte ag do sheirbhíseach go bhfuil Sól ag beartú teacht go Ceíleá chun an chathair a scrios de mo bharrsa.
Agus Nob, cathair na sagart, d'imir Sól claíomh uirthi, agus chuir chun báis le faobhar claímh idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin, eallach agus asail agus chaoirigh.
(An dtabharfaidh muintir Cheíleá mise suas dó?) An dtiocfaidh Sól anuas mar a chuala do shearbhónta? A Thiarna, a Dhia Iosrael, inis do do shearbhónta, impím ort.” D'fhreagair an Tiarna: “Déanfaidh.”