Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 22:6

An Bíobla Naofa 1981

Chuala Sól ansin go bhfacthas Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis. Bhí Sól i nGibeá, ina shuí faoin gcrann tamaraisce ar an ardán, a shleá ina láimh agus a oifigigh ina seasamh ina thimpeall.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí.

Shuíodh sí faoi phailm Dheabórá idir Rámá agus Béitéil in ardáin Eafráim agus thagadh clann Iosrael chuici chun a gcaingne a réiteach.

Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta.

Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól

Ansin ghabh drochspiorad ón Tiarna greim ar Shól agus é ina shuí ina theach agus a shleá ina láimh aige; bhí Dáiví ag seinm na cruite.

Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.

Ansin thóg siad a gcnámha agus rinne iad a adhlacadh faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí