Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 22:5

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt an fáidh Gád le Dáiví: “Ná fan sa daingean; imigh leat agus gabh isteach i dtír Iúdá.” D'imigh Dáiví leis dá bhrí sin agus chuaigh isteach i bhforaois Heirit.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.

Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:

Bhí Dáiví ansin sa dún agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.

Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá:

Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí,

Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.

Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.

D'fhág sé ag rí Mhóáb iad agus d'fhanadar aige i rith an ama a bhí Dáiví sa daingean.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí