1 Samúéil 22:17An Bíobla Naofa 1981Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: “Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.” Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna. Féach an chaibidil |
A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.
Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.