Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 21:9

An Bíobla Naofa 1981

“Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach.

Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: “Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m'airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.”

D'iarr seisean comhairle an Tiarna dó, agus thug lón bóthair dó, agus claíomh Ghóla an Filistíneach.”

Chuireadar a éide chatha i dteampall Aisteárót, agus ghreamaíodar a chorp de bhalla Bhéit Seán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí