Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: “Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m'airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.”
Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.
“Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”
“Bhí a fhios agam an lá sin,” arsa Dáiví le hAibíátár, “nuair a bhí Doéig an tEadómach ann, go sceithfeadh seisean orm go cinnte le Sól. Mise is cionsiocair le bás gach duine de do mhuintirse go léir.
Ansin labhair Doéig an tEadómach; bhí sé ina sheasamh ansiúd taobh le hoifigigh Shóil; “Chonaic mé mac Ieise,” ar sé, “ag teacht go Nob, go hAichímeilic mac Aichiteob.