agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”
Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.
Thug an sagart an t‑arán naofa dó dá bhrí sin mar nach raibh d'arán ann ach arán na láithreachta a thógtar ó láthair an Tiarna le harán te a chur ina áit an lá a thógtar é.