Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadh] sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos.
An amhlaidh nach bhfuil go leor gealt agam a rá is go bhfuil an duine seo á thabhairt agaibh chugam le bheith ag geamaíocht i mo láthair? An bhfuil sé le bheith ar mo theaghlach?”