Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: “Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh: ‘Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”
Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”
Theith Dáiví agus d'éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d'inis sé dó gach a ndearna Sól air. D'imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin.
Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”