Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 21:10

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tháinig scéin air agus d'éirigh sé agus rith lena anam. Tháinig sé go Béar Seaba, a bhaineann le Iúdá, agus d'fhág sé a sheirbhíseach ansiúd.

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Yonat Elem Rehoqim”. Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat.

Nuair a chuala Iahóiácaím an rí, mar aon lena airí agus a fheidhmeannaigh uile, a bhriathra, theastaigh uaidh é a chur chun báis. Nuair a chuala Úiríá é sin tháinig eagla air agus theith sé don Éigipt.

Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach.

Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar.

D'iarr seisean comhairle an Tiarna dó, agus thug lón bóthair dó, agus claíomh Ghóla an Filistíneach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí