Tháinig Dáiví ansin go Nob go dtí Aichímeilic, sagart. Tháinig Aichímeilic amach go hurramach in airicis Dháiví agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil tú i d'aonar agus gan aon duine leat?”
mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatár an t‑ardsagart, agus d'ith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?”
Bhí Aichíá mac Aichiteob, deartháir Í Cávód, mac Phíneachás, mac Éilí, sagart an Tiarna i Sileo, ann agus an t‑éafód á chaitheamh aige. Ní raibh a fhios ag an slua go raibh Iónátán imithe.
Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”