Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:7

An Bíobla Naofa 1981

Má deir sé: ‘Tá go maith,’ tá do shearbhónta slán; ach má thagann fearg air, bíodh a fhios agat go bhfuil an t‑olc beartaithe aige.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Thaitin an chomhairle sin le hAibseálóm agus le seanóirí Iosrael go léir.

Comhairle mhaith dar liom í siúd agus roghnaíos dáréag daoibh, fear as gach treibh.

Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.

D'fhreagair Iónátán: “Cuir uait, ná bí den tuairim sin. Dá mbeinnse cinnte de go raibh m'athair meáite ar olc a thabhairt sa mhullach ort, nach n‑inseoinn sin duit?”

Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí