D'fhreagair Dáiví: “Féach, amárach an Ré Nua agus ba dhual domsa a bheith ag bord leis an rí; ach ligse dom dul i bhfolach sna goirt go tráthnóna (an tríú lá).
Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”
I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.
Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.
agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá m'athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d'fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin.
Arú amárach ámh, tógfar an-cheann de thú a bheith ar iarraidh, agus ní foláir duit dul chun na háite ina ndeachaigh tú i bhfolach lá an bhirt, agus fanacht taobh leis an gcarnán cloch ansiúd.
Ach an dara lá, an lá tar éis na Ré Nua, bhí áit Dháiví fós follamh. Agus dúirt Sól le Iónátán a mhac: “Cad ina thaobh nár tháinig mac Ieise chun an bhéile inné ná inniu?”
Má thugann d'athair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: ‘D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.’