Thug Iónátán a airm dá ghiolla ansin agus dúirt leis: “Imigh leat agus beir leat don chathair iad.”
Ní raibh tuairim dá laghad ag an ngiolla i dtaobh cad a bhí i gceist; ag Iónátán agus ag Dáiví amháin a bhí fios an scéil.
Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.