Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:33

An Bíobla Naofa 1981

Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d'éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d'fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás.

agus thug Sól amas lena shleá air á rá leis féin: “Déanfaidh mé é a ghreamú den bhalla,” ach d'éalaigh Dáiví uaidh faoi dhó.

Rinne Sól iarracht ar Dháiví a ghreamú den bhalla lena shleá, ach sceinn sé as an tslí ó Shól i dtreo gur sháigh seisean a shleá sa bhalla. Theith Dáiví agus tháinig slán.

D'éirigh Iónátán ón mbord agus fraoch feirge air agus níor chaith sé aon bhia an dara lá sin den Ré Nua, mar gur ghoill cás Dháiví air mar gur mhaslaigh a athair é.

Má deir sé: ‘Tá go maith,’ tá do shearbhónta slán; ach má thagann fearg air, bíodh a fhios agat go bhfuil an t‑olc beartaithe aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí