Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”
Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.
Tháinig racht feirge ar Shól ansin le Iónátán agus dúirt sé leis: “A mhic na mná táire crosta! nach eol dom go bhfuil tú i gcomhar le mac Ieise, chun d'aithise féin agus aithise nochtacht do mháthar!
Bí cineálta dílis dá bhrí sin le do shearbhónta, mar d'aontaigh tú thú féin leis de bhrí chonartha in ainm an Tiarna. Ach má táim ciontach, cuirse féin chun báis mé - cad ab áil leat do mo bhreith go dtí d'athair?”
“Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé leis, “mar ní bhfaighidh Sól m'athair greim ort; tusa a bheidh i do rí ar Iosrael, agus mise a bheidh taobh leat; is eol do Shól m'athair é sin freisin.”
Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?”