Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:30

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig racht feirge ar Shól ansin le Iónátán agus dúirt sé leis: “A mhic na mná táire crosta! nach eol dom go bhfuil tú i gcomhar le mac Ieise, chun d'aithise féin agus aithise nochtacht do mháthar!

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Maraíonn an faltanas an t‑amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth.

Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.

Riarann teanga na n‑eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.

Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.

Díolfaidh fear an drochmhianaigh as; scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].

Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.

An fear gan smacht air féin, is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.

Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh, ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.

Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.

Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.

Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.

‘Lig dom dul,’ ar sé, ‘mar tá íobairt na fine againn sa chathair agus d'ordaigh mo dheartháir dom a bheith i láthair. Má réitíonn tú le m'iarratas más ea, lig dom imeacht agus mo dheartháireacha a fheiceáil.’ Sin é faoi deara dó gan teacht go bord an rí.”

Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí