Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:28

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Iónátán Sól: “D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó dul go Beithil:

Féach an chaibidil Cóip

3 Tagairtí Cros  

Ach an dara lá, an lá tar éis na Ré Nua, bhí áit Dháiví fós follamh. Agus dúirt Sól le Iónátán a mhac: “Cad ina thaobh nár tháinig mac Ieise chun an bhéile inné ná inniu?”

‘Lig dom dul,’ ar sé, ‘mar tá íobairt na fine againn sa chathair agus d'ordaigh mo dheartháir dom a bheith i láthair. Má réitíonn tú le m'iarratas más ea, lig dom imeacht agus mo dheartháireacha a fheiceáil.’ Sin é faoi deara dó gan teacht go bord an rí.”

Má thugann d'athair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: ‘D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí