Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
Aon duine a bhaineann le fear a maraíodh le claíomh lasmuigh sa mhachaire, nó le fear a cailleadh, nó le cnámharlach duine, nó le huaigh, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
Agus dúirt seisean: “Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.” Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.
Ach an dara lá, an lá tar éis na Ré Nua, bhí áit Dháiví fós follamh. Agus dúirt Sól le Iónátán a mhac: “Cad ina thaobh nár tháinig mac Ieise chun an bhéile inné ná inniu?”