Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:23

An Bíobla Naofa 1981

Maidir leis an margadh a rinneamar lena chéile, mise agus tusa, sea, tá an Tiarna ina fhinné eadrainn go brách.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”

agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: “Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile.

Má dhéanann tú leatrom ar m'iníonacha nó má ghlacann tú mná eile seachas m'iníonacha, cuimhnigh air, tá Dia ina fhinné eadrainn, fág nach mbeidh aon duine farainn.”

Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,

Chuaigh Dáiví i bhfolach sna bánta; tháinig an Ré Nua agus shuigh an rí síos chun bia a ithe.

Dúirt Iónátán ansin le Dáiví: “Imigh faoi shíocháin. Maidir leis an mionn a mhionnaigh an bheirt againn in ainm an Tiarna, go raibh an Tiarna ina fhinné idir thusa agus mise, idir do shliochtsa agus mo shliochtsa go brach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí