Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:21

An Bíobla Naofa 1981

Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: ‘Téigh agus faigh na saigheada.’ Má deirim leis an ngiolla: ‘Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,’ ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Agus má thabharfaidh siad dá n‑aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m'ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail.

Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”

Ach bíodh go n‑abrann siad: “Go maire an Tiarna,” ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.

An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.

Maidir liomsa, scaoilfidh mé trí saigheada cliathánach leis mar a dhéanfainn le sprioc.

Ach má deirim leis an ógánach: ‘Féach! tá na saigheada romhat amach.’ Ansin bailigh leat mar beidh an Tiarna é féin do do chur chun siúil.

Dúirt sé lena ghiolla: “Rith agus faigh na saigheada atá le caitheamh agam,” agus fad a bhí an giolla ag rith chaith sé saighead roimhe amach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí