Arú amárach ámh, tógfar an-cheann de thú a bheith ar iarraidh, agus ní foláir duit dul chun na háite ina ndeachaigh tú i bhfolach lá an bhirt, agus fanacht taobh leis an gcarnán cloch ansiúd.
Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: ‘Téigh agus faigh na saigheada.’ Má deirim leis an ngiolla: ‘Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,’ ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo.