Arú amárach ámh, tógfar an-cheann de thú a bheith ar iarraidh, agus ní foláir duit dul chun na háite ina ndeachaigh tú i bhfolach lá an bhirt, agus fanacht taobh leis an gcarnán cloch ansiúd.
Shuigh an rí mar ba ghnáth leis sa chathaoir ag an mballa; [shuigh] Iónátán os a chomhair, agus shuigh Aibnéar taobh le Sól, ach bhí ionad Dháiví follamh.
D'fhreagair Dáiví: “Féach, amárach an Ré Nua agus ba dhual domsa a bheith ag bord leis an rí; ach ligse dom dul i bhfolach sna goirt go tráthnóna (an tríú lá).