Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:17

An Bíobla Naofa 1981

[Thug] Iónátán an mionn sollúnta arís do Dháiví dar a ghrá dó mar gur ghráigh sé é mar a rinne a anam féin.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó. Ba thú mo lao is m'ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27 Conas a d'éag na gaiscígh? Conas a theip an trealamh catha?”

Is cara cara i gcónaí, ach is d'uain na hainnise a shaolaítear deartháir.

[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.

Mhionnaigh Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dóibh sin agus dá muintir: “Ná bíodh eagla oraibh,” ar sé, “géilleadh do na Caildéigh; ach cónaígí sa tír agus umhlaígí do rí na Bablóine, agus rachaidh sé go maith daoibh.

“Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),

Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.

Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí