Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 20:14

An Bíobla Naofa 1981

Má mhairim fós, taispeáin dom cineáltas buan an Tiarna féin; má fhaighim bás

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d'fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo.

D'fhiafraigh Dáiví: “An bhfuil aon duine fágtha de theaghlach Shóil i dtreo gurbh fhéidir dom bheith cineálta leis ar son Iónátán?”

Dúirt an rí: “Nach bhfuil duine éigin de theaghlach Shóil fágtha le go dtaispeánfainn cineáltas Dé dó?” D'fhreagair Zíbeá an rí: “Tá mac le Iónátán, duine a bhfuil cosa bacacha faoi.”

ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.

ná diúltaigh do chineáltas féin do mo theaghlach go brách. Nuair a scriosfaidh an Tiarna gach namhaid de chuid Dháiví de dhroim na talún,

Maidir leis an margadh a rinneamar lena chéile, mise agus tusa, sea, tá an Tiarna ina fhinné eadrainn go brách.”

Agus anois, féach, tá a fhios agam go mbeidh tú cinnte i do rí, agus go mbeidh ríocht Iosrael go daingean i do lámha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí