Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”
Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Tairngir dá bhrí sin agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá mé chun bhur n‑uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n‑uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do d'athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.”