Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 2:36

An Bíobla Naofa 1981

Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá: Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d'fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Bhain Solamh sagartacht an Tiarna d'Aibíátár agus chomhlíon sé ar an gcuma sin briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé in aghaidh theaghlach Éilí i Sileo.

Níor tháinig sagairt na n ardionad, ámh, suas go haltóir an Tiarna in Iarúsailéim, ach d'ithidís arán gan ghabháile i dteannta a gcomhshagart.

Cromann an t‑olc roimh an mhaith, agus déanann an t‑urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.

‘A leithéid de chrá croí,’ a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna.

Dúirt Míceá leis: “Fan anseo liomsa; bí i d'athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,” agus thathain sé go dian ar an Léivíteach.

Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.

Bhí an gasúr Samúéil ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí. Is annamh a bhíodh focal ón Tiarna sna laethanta sin, agus is annamh a d'fheictí físeanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí