1 Samúéil 2:35An Bíobla Naofa 1981Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách. Féach an chaibidil |
Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,
Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”
Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”