Ní dhearna a athair trasnáil air riamh á fhiafraí de: “Cén fáth a ndearna tú a leithéid seo?” Fear an-dathúil ab ea é agus rug a mhathair é i ndiaidh Aibseálóm.
Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.
Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.
“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.
Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála).