Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 2:22

An Bíobla Naofa 1981

Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála).

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.

Seo scéal Iósaef. Bhí Iósaef seacht mbliana déag d'aois. Mar go raibh sé óg fós, bhí sé ag aoireacht an tréada i dteannta a dheartháireacha, le clann mhac Bhileá agus Zilpeá, mná a athar. Thug Iósaef drochthuairisc orthu dá n‑athair.

Rinne sé an t‑umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála.

Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu.

Dúirt sé leo: “Cad chuige a bhfuil nithe mar sin ar siúl agaibh? Cluinim faoi bhur ndrochbhearta ón bpobal seo go léir.

Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.

Nuair a chuaigh Samúéil in aois, cheap sé a bheirt mhac ina mbreithiúna ar Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí