Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 2:21

An Bíobla Naofa 1981

D'fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.

Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan, i láthair Dé agus daoine.

“Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;

Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.

Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.

Rug an bhean mac agus thug sí Samsón air. D'fhás an leanbh, agus chuir an Tiarna a bheannacht air,

Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine.

D'fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d'aon fhocal dá chuid titim ar lár.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí