Dhéanadh a mháthair cóta beag dó gach bliain agus thugadh sí chuige é nuair a thagadh sí aníos lena fear chun an íobairt bhliantúil a ofráil.
Beidh féilte agat trí huaire sa bhliain i m'onóir.
“Déanfaidh tú fallaing an éafód go léir d'ábhar gorm.
An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna.
Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd.