Dá ndéarfadh an duine: “Dóidís an tsaill, ar dtús, agus ansin tóg cibé rud is mian leat,” deireadh sé, “Cuir uait! Tabhair dom anois é, nó neachtar acu, tógfaidh mé liom é le láimh láidir.”
Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.
Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.
D'fhreagair muintir Dhán: “Ná bíodh focal eile le clos againn uait le heagla go dtiocfadh fearg ar dhaoine leat agus tabhairt fút, agus go gcaillfí thú féin agus go gcaillfí do theaghlach uile chomh maith.”
Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: “Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.”