Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 2:14

An Bíobla Naofa 1981

agus ropadh sé sa choire nó sa phota é agus thugadh an sagart leis a dtugadh an forc aníos. Mar sin a dhéanaidís leis na hIosraelaigh go léir a thagadh ansiúd go Sileo.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh, tréadaithe nach dtuigeann dada. Téann siad go léir a mbealach féin, gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin.

An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”

a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.

“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.

agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d'ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh

Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: “Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.”

Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d'ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n‑ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí