1 Samúéil 2:10An Bíobla Naofa 1981Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n‑aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.” Féach an chaibidil |
Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”